Nuair a bhíonn an aimsir fliuch ag amanna lóin, bíonn an-spórt ag ár ndaltaí ag súgradh le cluichí boird, ag imirt cártaí, ag caint is ag déanamh jig-saws.  Cad a dhéanann tú féin nuair a bhíonn an aimsir fliuch?

Léigh an dán seo:

An Bháisteach

Bíonn sé fliuch gach lá
Agus mé ag dul ar scoil.
Cén fáth? Cén fáth
Nach stopann sé, le do thoil?

Bíonn sé fliuch ar maidin
Ag am sosa agus am lóin.
Agus ag dul abhaile linn,
Nach mé atá faoi bhrón?

(www.cogg.ie)