Comhghairdeas le gach dalta a ghlac páirt i bhFéile na hInse an tseachtain seo. Bhí ullmhúcháin an-mhaith déanta ag a gcuid múinteoirí ranga. Bhí caighdeán an-ard i ngach comórtas agus bhí áthas orainn gur bhuaigh ár ndaltaí alán duaiseanna. Bhain siad go léir sár-taitneamh as bheith ar an ardán i gcóir Feile na hInse. Ár mbuíochas do Bhean Uí Dhálaigh a d’eagraigh an rannpháirtíocht sa chomórtas seo laistigh dár scoil. Ba chuimhne an-áthasach é do gach duine. Míle buíochas do chách.
Féile na hInse 2018
By John Burns|2021-10-02T11:37:17+01:00March 9th, 2018|Gaeilge, News, Uncategorized|Comments Off on Féile na hInse 2018





