Bhí lá iontach againn inniu ar scoil ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig. Bhí na daltaí go léir ag gáire, ag seinm ceoil, ag caitheamh dathanna glasa agus ag baint spraoi as na gníomhaíochtaí a bhí sa scoil. Chuir ár mBanna Céilí seisiún ceoil sár-mhaith ar siúl inár halla. Tháinig gach rang i ndiaidh a chéile go dtí an halla chun éisteacht leis an gceol binn. Bhain gach rang sár-taitneamh as an siamsaíocht iontach seo a bhí ar siúl. Nuair a bhí ár ndaltaí ag dul abhaile, sheinn ár gceoltóirí ar son ár dtuismitheoirí agus ár gcairde go léir. Ócáid spéisialta a bhí ann faoi sholas agus faoi theas na gréine álainn. Buíochas faoi leith le Ms. Daly agus le Mr. Liddy as an lá an-taitneamhach seo a eagrú. Bualadh bos mór do na daltaí as a ndea-iompar agus dár gceoltóirí a sheinn chomh h-álainn sin. D’imigh gach dalta abhaile go sona sásta. Lá Fhéile Pádraig Sona Do Gach Duine!
Lá Glas Iontach
By John Burns|2021-03-16T18:01:31+00:00March 16th, 2021|Celebrations, Gaeilge, Music, News, Visual Arts|Comments Off on Lá Glas Iontach








n




