Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 1ú – 17ú Márta.

Is am céiliúradh teanga agus cúltúr na tíre atá ann.

Cé go bhfuil roinnt ranganna sa bhaile le cianfhoghlaim go dtí an 15ú Márta mar gheall ar threoirlínte COVID-19, déanfaimid ár n-iarracht spéisialta Gaeilge a labhairt le linn na seachtaine seo.

Is breá leis na páistí an t-am seo mar bíonn sé lán le spórt, ceol agus spraoi!