Inniu ar Zoom chaith na páistí éadaí glasa agus bhain muid an-taitneamh as ‘Taispeáin agus Inis’. Labhair gach duine faoi leabhar nó bréagán speisialta nó peata speisialta. Bhí na madraí agus cait chomh gleoite. Ina theannta sin bhí coinín álainn ag Maeve agus bhí iasc órga beoga ag Zara. Labhair na páistí faoi na leabhair is fearr leo faoi láthair. Inné d’imir an rang cluiche ‘Cé Atá Ann?’ nó ‘Guess Who?’ ar Seesaw. Bhí an-spraoi acu! Tá siad ag tnúth go mór le filleadh ar scoil Dé Luain!