Bhi am iontach againn i mbliana i gcóir Seachtain na Gaeilge. Rinneamar ár ndicheall Gaeilge a labhairt i rith an lae agus timpeall na scoile. Chualamar na páistí ag caint Gaeilge sa chlós, ar na staighrí, sa leabharlann agus sna seomraí ranga.  Comhghairdeas le gach duine as an iarracht den scoth a rinneadh chun  Gaeilge a labhairt ar fud na háite. Chríochnaigh an tseachtain le céilí mór sa halla. Bhíomar ag damhsa, ag canadh agus ag rá píosaí fiíochta. Bhí spórt is spraoi iontach againn. Bhí gach duine gléasta i nglas mar Lá Glas a bhí ann.